Coinníonn Luas Sábháilte Thú

04 April '24
News story image

Tá do shábháilteacht phearsanta mar thosaíocht agus tú ag taisteal le Luas. Oibríonn Oifigigh Shlándála Luas agus baill foirne eile ar bhonn leanúnach i gcomhar leis na Gardaí chun tú a choinneáil sábháilte agus tú ag taisteal linn.

Cé go mbíonn meas ag formhór na bpaisinéirí ar dhaoine eile, uaireanta d'fhéadfadh iompar paisinéirí eile a bheith bagrach, agus ní mór duit teagmháil a dhéanamh linn chun é sin a chur in iúl dúinn. Nuair a fheiceann tú iompar frithshóisialta, b'fhéidir nach dteastaíonn uait aird a tharraingt ort féin trí ghlaoch a chur orainn nó trí bhrú ar an nGléas Idirchumarsáide um Chabhair Éigeandála a bhíonn suite in aice leis an doras ar gach tram agus in aice leis na Meaisíní Ticéad ag gach Stad.

Ar an ábhar sin, ba mhaith linn na trí bhealach chun teagmhais iompraíochta frithshóisialta a thuairisciú dúinn go discréideach agus i bhfíor-am a chur i gcuimhne do chustaiméirí Luas.

-        Aip Luas: Cliceáil ar an deilbhín “Tuairiscigh” chun sonraí a thuairisciú faoin méid a fheiceann tú agus a chloiseann tú.

-        WhatsApp: Seol teachtaireacht chuig 087 055 5715.

-        Téacs: Níl le déanamh ach "Luas" a théacsáil chuig 51444, gnáthrátaí i bhfeidhm.

Agus tuairisc á déanamh agat, más féidir, tabhair sonraí ar nós uimhir an tram agus / nó ainm an Stad chun cabhrú linn aghaidh a thabhairt ar an gceist ar bhealach níos éifeachtúla.

  

Is é an sprioc atá againn ná tú a choinneáil sábháilte ar do thuras agus tá do chabhair maidir le teagmhais iompair fhrithshóisialta a thuairisciú ríthábhachtach.

Molaimid duit an modh teagmhála is fearr leat a shábháil inniu le haghaidh tuairisciú tapa gan dua. Ná déan dearmad, i gcás éigeandála, glaoigh ar 112 nó 999 i gcónaí.

Go raibh maith agat as do chomhoibriú agus as modh iompair sábháilte agus taitneamhach a dhéanamh den Luas.

Léigh tuilleadh faoin Luas agus faoi shlándáil anseo.

Lean @Luas ar X agus ar Facebook chun eolas eile a fháil ar an deireadh seachtaine.

Má bhíonn ceist agat, seol ríomhphost chuig Seirbhís do Chustaiméirí Luas ag info@luas.ie nó cuir glaoch ar 0818 300 604 le haghaidh cúnaimh





Cookie Settings